![]() |
![]() |
|
Baile
an Fheirtéaraigh (Ballyferriter), Co. Kerry, Ireland |
||
| Nuacht Scoil Cheoil an Earraigh 2012 (25/11/2011) Beidh Scoil Cheoil an Earraigh 2012 ag tarlú ón Céadaoin – Domhnach 15ú – 19ú Feabhra 2012, agus roinnt mhaith dos na imeachtaí a bheith anseo sa mhúseam. Nuacht ó Músaem Chorca Dhuibhne (8/11/2011) Le buíochas ó deontas ón Tionscnamh Oideachais Oidhreachta, Pobail agus For-rochtana 2011 ag an gComhairle Oidhreachta, táimid ag obair le déanaí ar taispeántas nua, a bheith againn i rith 2012, le eolas ar na Deilfeanna agus Míolta Móra i gCorca Dhuibhne. Tá an taispeántas lonnaithe ar obair Nick Massett, ón Irish Whale and Dolphin Group, atá ag obair anseo ar feadh roinnt maith blianta. An tionscanamh eile atá againn ná paimfléad 'Conair Dealbhadóireachta Iarthar Dhuibhneach'. Beidh sé seolta sara bhfad, agus táimid an-bhúioch don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thug deontas dúinn chun an obair san a dhéanamh. Dein Laurence Jones an dearadh, agus Siobhán Dempsey, Latitude Imaging, an ghriangrafadóireacht. Tá súil againn breis eolais ar na píosaí dealbhadóireachta go léir a chuir anseo, ar an suíomh idirlín. Breis eolais le teacht. Féile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh, 11-13 Mí na Samhna (21/10/2011) Tionólfar an 5ú Féile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh ar 11, 12, 13 Mí na Samhna. Bíonn ana-éileamh ar an bhFéile seo ag tosach an Gheimhridh; Reacaireacht agus Ceardlanna ag filí aitheanta, léacht na Féile, scannán agus ceol agus an Mhíc Oscailte, mar a léann cumadóirí áitiúla agus cuairteoirí a gcuid filíochta. Breis eolais anseo. Dúnadh don geimhreadh (8/9/2011) Beidh an músaem dúnta ón 12 Meán Fómhair go dtí an Cáisc. Ach, beidhimid ar oscailt don Maidean Chaifé don Ospaís ar an Deardaoin seo chughainn, 15 Meán Fómhair ón 10.00-12.00. Chun dul isteach ar an músaem i rith an geimhreadh, ní gá ach glaoch a dhéanamh (066-915633), nó ríomhpost - nó litir a scríobh chun socrú a dhéanamh. Ceol san Iarnóin 6 (6/8/2011) Beidh an 'Ceol san Iarnóin' deireanach ag tarlú Dé Domhnaigh seo chughainn, 11/9/2011, ag a 3.00. Ceolteoirí an Buailtín a bheith againn. Fáilte roimh cách! I gcomhairle Fáilte Ireland. Ceol san Iarnóin 5 (30/8/2011) Ins an cead seisúin eile de 'Ceol san Iarnón', Dé Domhnaigh 4 Meán Fómhair, ag a 3.00 i.n., Beidh Breandán Ó Beaglaíoch & a chlann, go bhfuil clú agus cáil orthu! Is i gcomhairle Fáilte Ireland go bhfuil an Ceol san á rith.
Pictúirí ó Ceol san Iarnóin 4 Ceol san Iarnóin (i gcomhairle Fáilte Ireland) (23/8/2011) Ins an cead seisúin eile de 'Ceol san Iarnón', Dé Domhnaigh 28ú Lúnasa, beidh Sláine Ní Chathaláin (amhránaí), Damian Mullane (Bosca ceoil) agus Donagh Hennessy (Guitar). Tá an aithne ar Damian & Donagh, agus is cáilín lán le talann Sláine leis. Ag tosnú ag a 3.00 i.n. Agus, cé go bhfuil na seisúin san ag tarlú i rith Seachtain Oidhreachta Náisiúnta, beidh se saor in aisce dul isteach ar an músaem. An seachtain dár gcionn, Dé Domhnaigh 4 Meán Fómhair, arís ag a 3.00 i.n., Beidh Breandán Ó Beaglaíoch & a chlann, go bhfuil clú agus cáil orthu! Gan dearmuid, an Domhnach seo chughainn leis, an 28 Lúnasa, beidh Siúlóid Oidhreachta againn, ag fágaint an Músaem ag 10.30 r.n., thar n'ais c. 12.30. Is fiú bróga siúil láidre a catheamh, chomh maith le héadach báistí, ar eagla na h-eagla! Níl aon costas ar an siúlóid. Ceol san Iarnóin (i gcomhairle Fáilte Ireland) (18/8/2011) ns an cead seisúin eile de 'Ceol san Iarnón', Dé Domhnaigh 21ú Lúnasa, beidh Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh (Bosca Ceoil & canadh sí leis), Jeremy Spencer (Fidil) & Breanainn Ó Beaglaíoch (Guitar). . Ag tosnú ag a 3.00 i.n. An seachtain dár gcionn, Dé Domhnaigh 28ú Lúnasa, beidh Sláine Ní Chathaláin (amhránaí), Damian Mullane (Bosca ceoil) agus Donagh Hennessy (Guitar). Agus, cé go bhfuil na seisúin san ag tarlú i rith Seachtain Oidhreachta Náisiúnta, beidh se saor in aisce dul isteach ar an músaem.
Eoin Duignan, a bheirt
iníon Ava & Lia chomh maith leis an amhránai Ciara de
Mórdha sa músaem le déanaí, i rith Ceol
san Iarnóin. Seachtain Oidhreachta Náisiúnta (16/8/2011) Beidh an músaem Saor in Aisce Dé Domhnaigh 21 Lúnasa agus arís Dé Domhnaigh 28 Lúnasa, mar is Seachtain Oidhreachta é. Gan dearmuid a dhéanamh go mbeidh Ceol san Iarnóin ar súil ar na laethanta san leis, ón 3.00 - 4.00, i gcomhair le Fáilte Ireland. Ar an Domhnach 28 Lúnasa, leis, beidh Siúlóid Oidhreachta againn, ag fágaint an Músaem ag 10.30 r.n., thar n'ais c. 12.30. Is fiú bróga siúil láidre a catheamh, chomh maith le héadach báistí, ar eagla na h-eagla! Níl aon costas ar an siúlóid. Ceol san Iarnóin (9/8/2011) Ins an cead seisúin
eile de 'Ceol san Iarnón', Dé Domhnaigh 14ú Lúnasa,
(le tacaíocht Fáilte
Ireland) beidh Eoin Duignan, Píob Uillin/Feadóg Íseal,
a bheirt iníon Ava & Lia veidhlín, agus Ciara de Mórdha
ag canadh. Ag tosnú ag a 3.00 i.n. Le cabhair Fáilte Ireland (26/7/2011) Beidh roinnt imeachtaí sa bhries ag tarlú sa músaem gach Domhnach ón 3.00 - 4.00, ag tosnú 7 Lúnasa, leis an seisúin deirneach ag tarlú 11 Meán Fómhair. Beidh ceoilteoirí 7rl ag chuir leis an sásamh a bheidh tú ag baint amach as an cuairt ar an músaem. Ní bheidh aon costas sa bhreis do san. Mar chuid don tionscanamh chéanna, beidh ceoil 7rl ag tarlú in Ionad an Bhlascaoid Mhóir leis, gach Céadaoin ag a 3.00, ag tosnú Dé Céadaoin 10 Lúnasa, leis an seisúin deireanach ar an 7 Meán Fómhair. Beidh béim níos mó ann ar ceoil agus cultúir na Blascaoidí. Chun tús a chuir leis na h-imeachtaí san, beidh seisúin cheoil againn in Ionad an Bhlascaoid Mhóir Dé Ceadaoin 3 Lúnasa, ag tosnú ag 8.00. Fáilte roimh cách! Táimid an-bhuíoch as an cabhair fachta ó Fáilte Ireland chun na imeachtaí san a eagrú.
Seachtain Oidhreachta 2011 (16/6/2011) Beidh an músaem ag tógaint pairt i Seachtain Oidhreachta 2011 mar is gnáth. Is féidir breis eolais a fhál amach maidir leis na imeachtaí ar an leathanach seo. Mhúsaem ar oscailt (4/5/2011) Beidh an mhúsaem ar oscailt arís ón 4 Meitheamh 2011, gach lá ón 10.00 r.n. go dtí 5.00 i.n. Lá Oscailte (4/5/2011) Beidh Lá Oscailte ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne óna 2.00 – 8.00 ar an gCéadaoin, 11ú Bealtaine 2011 i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh. Tugtar cuireadh do phobal Chorca Dhuibhne bualadh isteach sa Mhúsaem i rith an tráthnóna chun eolas a fháilt ar a bhfuil idir lámha ag an gComharchumann agus ag comhlachtaí eile de chuid an Chomharchumainn, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Coláistí Chorca Dhuibhne, Dovinia, Gaeltachtaí na Mumhan Skillnet & Corca Dhuibhne ag Caint. Chomh maith le buanfhostaíocht a chur ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh, ar na himeachtaí is mó a bhíonn ar siúl ag an gComharchumann tá Cúrsaí Oiliúna / Foghlama Gaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais agus do gach leibhéal foghlaimeora, Scéimeanna Teanga, Scéimeanna sna hEalaíona Dúchasacha, Scéim Fostaíochta Pobail, reáchtáil Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus Scéimeanna Oidhreachta agus Scéimeanna Fostaíochta pobail i gcomhar le FÁS. Is le tacaíocht Ón Roinn Gnóthaí Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus go leor eagraisí eile a chuireann ar chumas an Chomharchumainn na seirbhisí seo a sholáthar agus na tograí éagsúla a reáchtáil. Fáilte roimh cách. Féile na Cásca 2011 (29/3/2011) I mbliana, beidh Féile na Cásca i Halla Cheann Trá. Beidh sé ag tosnú ar Domhnach Cásca, 24 Aibreán, ar feadh seachtain. Tá breis eolais ar fáil anseo i bhfoirm pdf. An Mhúsaem ar oscailt arís! (24/3/2011) Beidh an mhúsaem ar oscailt arís ón 16 Aibreán 2011, gach lá go dtí an 2 Bealtaine ón 10.00 r.n. go dtí 5.00 i.n. Beidh Féile na Cásca i Halla Ceann Trá i mbliana. Leathanach Nua Facebook page (24/3/2011) Tá an dara leathanach Facebook oscailte againn, Dingle Peninsula Museum, go mbeidh níos mó eolais i mBéarla ná i nGaeilge. Tá an leathanach eile, Músaem Chorca Dhuibhne, fós ann, le breis eolais as Gaeilge. Clár Scoil Cheoil an Earraigh ar fáil anseo (31/1/2011) Beidh roinnt maith dos na imeachtaí, an Oscailt Oifigiúil san aireamh, ar an 23 Feabhra, ag tarlú anseo sa mhúsaem. Suíomh idirlín ar fáil i 5 teanga! (28/1/2011) Táimid an-sásta a rá go bhfuil rogha 5 teanga anois ar an suíomh, cé go bhfuil Francais, Gearmánais agus Spánnais ann anois. Is le buíochas de deontas ón Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt a tharla sé. Chomh maith, tá cáseanna nua ann, 'pop-up' fógraíachta, agus leagan Spánnais ar fáil don taispeántas féin. Táimid an-bhúioch as an Roinn don cabhair.
|