Logo
Welcome
E-mail Us

Baile

Láthair

Catalóg

Gailearaí

Imeachtaí

Taispeántas

Nuacht

Leabhair

Cartlann

Oideachais

Seimineáir

Léirmheasanna

Naisc

 Imeachtaí

Caifé agus Caint - nóta ó Caitríona

Tá Músaem Chorca Dhuibhne ar oscailt arís don samhradh. Bheadh míle fáilte romhaibh bualadh isteach ann gach maidean Déardaoin idir 10.00-12.00 le haghaidh comhrá agus cupa tae/caife, ag tosnú amach an Déardaoin beag seo, 10ú Meitheamh. Ní bheidh éinne á threorú ach beidh Marian a bhíodh ag obair in oifig na hOidhreachta, ag obair ann. Abair le cairde eile le Gaeilge é, le bhur dtoil.

Club Leabhar

Beidh an Club Leabhar ar ais ar an gCéadaoin 15 Meán Fhómhair ar 8.00pm. An leabhar a bheith á plé ná Salann Garbh. Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó Joe Steve Ó Nechtain ó foilsíodh Clochmhóin breis agus deich mbliana ó shin (2009) - agus b'fhiú fanacht. Ach, ar ndóigh, níor lig sé a chuid maidí le sruth: tá dhá úrscéal, drámaí agus cnuasach filíochta foilsithe ó shin aige. Ach is é an filleadh seo ar an ngearrscéal, an fhoirm liteartha is dúchasaí sa nGaeilge, b'fhéidir, a léiríonn máistreacht an údair ar cheird an scríbhneora. Bíonn blas ar an mbeagán, deirtear, agus beidh plátaí á nglanadh agus méarach á liochán nuair a bheas an greim seo slogtha siar.

Seachtain Oidhreachta 2010

Mar chuid don Seachtain Oidhreachta 2010 ní bheidh aon costas chun dul isteach ar an Mhúsaem ar an Domhnach 22 Lúnasa agus arís ar an Domhnach 29 Lúnasa. Beidh siúlóid Oidhreachta ar súil ar maidin Dé Satharn, 28 Lúnasa, ag fágaint an Mhúsaem ag 10.00 ar maidin. Fáilte roimh cách!

Scoil Cheoil an Earraigh Feabra 2010

Beid an Scoil Cheoil ar súil ón 17 Feabhra go 21 Feabhra. Breis eolais ó: eolas@scoilcheoil.com, www.scoilcheoil.com Tel: 086 2285385 nó 087 9967501

Beidh Oscailt Oifigiúil Scoil Cheoil an Earraigh 2010 ag tarlú sa Mhúsaem ag 8.00 pm ar an Céadaoin 17 Feabhra le Breandán Feiritéar. Ceol & amhráin. Bí ann gan teip!

Chomh maith, ar an Domhnach, 21 Feabhra 2010 ag 10.45am beidh Maidin Chaifé sa Mhúsaem, ar son Ospidéal na Leanaí, Croimhghlinn.

Seoladh Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne/Dingle Peninsula Heritage Trail

Is tionscanamh é an Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne/Dingle Peninsula Heritage Trail, idir an Mhúsaem, Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus An Díseart á seoladh ag deireadh Mí Dheireadh Fhómhar 2009. Tá billeog ann, le dearrabháin lacáiste ar tháille iontrála dos na trí áit. Táimid an-bhúioch don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta as ucht an cabhair a fuaireamar.

Ag seoladh Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne sa Mhúsaem bhí Mícheál de Mórdha, Bainisteoir, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Isabel Bennett, Coimeadaí, Músaem Chorca Dhuibhne, Muireann Nic Giolla Ruaidh, Bainisteoir, Óstan Bhenner, An Daingean, TP Ó Conchúir, Bainisteoir, Díseart agus Pádraig Firtéar, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. (Le buíochas ó Ted Creedon, The Kerryman.)