Logo
Welcome
E-mail Us
Contact Us by Phone
 
Baile an Fheirtéaraigh (Ballyferriter), Co. Kerry, Ireland

Baile

Láthair

Catalóg

Conair Dealbhadóireachta

Gailearaí

Imeachtaí

Taispeántas

Nuacht

Leabhair

Cartlann

Oideachais

Seimineáir

Léirmheasanna

Naisc

Sitemap

Taispeántas Buan
An Mhúsaem
An Mhúsaem

Tá taispeántas dátheangach (Gaoluinn agus Béarla) sa mhúsaem a léiríonn gnéithe éagsúla den saibhreas seandálaíochta atá anseo againn i leithinis Chorca Dhuibhne. Chomh maith leis sin tá cúntas cruinn ar na himeachtaí réamhstaiúla, stairiúla agus nua-aoiseacha agus ar na daoine mór le rá a mhúnlaigh oidhreacht an cheantair. Tá blaiseadh don oidhreacht nádúrtha ann chomh maith. Tá geolaíocht ann, sliogáin mhara, an Réamhstair (ón Ré Méasailiotach go dtí Ré an Iarainn), an Luath-Ré Chríostaíochta, na Meánaoiseanna agus scéalta an lae inniu.

Mar chuid den dtaispeántas tá dhá scáileán tadhaill, ceann ar Chlocha Oghaim na leithinise, agus an ceann eile ar Ré na Críostaíochta.

Is fiú teacht ag féachaint ar an bPota Anraith ó aimsir an Ghorta (1845-1850). Tá sé ar ceann do's na potaí is mó riamh a úsáideadh in Éireann, rud a léiríonn chomh holc is a bhí cúrsaí sa leithinis seo i rith an Droch-Shaoil.

 

Pota Anraith
Pota Anraith ó aimsir an Ghorta

 

Taispeántas Nua i 2012! (21/2/2012)

Tá an-áthas orainn a rá go mbeidh taispeántas nua ar na Míola Móra agus Deilf mórthimpeall Chorca Dhuibhne le feiscint sa mhúsaem i rith 2012 (ag oscailt Domhnach Cásca ar feadh seachtain, agus ina dhiaidh san ó Meitheamh go dtí Mean Fómhar, gach lá). Táimid an-bhúioch don deontas a fuaireamar ón gComhairle Oidhreachta chun an obair san a dhéanamh. Bhí Nick Massett ón Irish Whale and Dolphin Group (IWDG), mar comhairleoir dúinn. Breis eolais i Nuacht. (B'fhéidir go mbeidh amantaí nuair nach mbeidh an taispeántas ar oscailt, níos mó i rith na maidaine de, cé go mbeidh rudaí eile ar súil sa mhúsaem. Tá brón orainn maidir le san).

visitorsfi

Bain taitneamh as do thuras!