Tá
Polasaí Oideachais nua á chur le chéile do Mhúsaem
Chorca Dhuibhne, i gcomhar le hOidhreacht
Chorca Dhuibhne. Beidh sé dírithe an-mhór ar
chuairteoirí ar an Músaem (go mór mór ar
leanaí, agus orthusan a thagann anseo chun an Ghaoluinn a fhoghlaim
ach go háirithe), ar phobal Chorca Dhuibhne chomh maith leis
na daoine eile a bhaineann úsáid as na háiseanna
atá ar fail sa mhúsaem.
Seimineáir
Le roinnt bhliain anuas tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag eagrú
seimineáir lae chun gnéithe de stair agus de sheandálaíocht
na háite a chur i láthair. Tionóladh seimineár
ar Dhúnta Chorca Dhuibhne Fómhar na bliana 2004, ar scéal
Phiaras Firtéar mí na Nollag 2005 agus ‘Nós
na hOilithreachta i gCorca Dhuibhne is i gcéin’ mí
na Samhna 2006. Sraith léachtaí, cainteanna agus turasanna
ar láithreacha staire is seandálaíochta a bhíonn
i gceist. Buíochas don gComhairle
Oidhreachta a dheineann na himeachtaí seo a mhaoiniú.
Bileog Oibre
Tá leabhair shaothair (Gaoluinn & Béarla) ar fáil
le cúpla bliain anuas do leanaí, daltaí scoile
is mic léinn a thabharfaidh cuairt ar an Músaem. Tá
ceann eile ar fáil ar Mainistir an Riasc. Bhíonn
foireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag obair ar cinn eile ó am
go chéile, agus tá súil againn go mbeidh ceann
ar Oilithreacht/Naomh Bhréanann/Cosán na Naomh
ar fáil roimh deireadh 2009. Is í aidhm eile an foireann
go mbeidh ceann eile ar fáil, sar bhfad, ar théama Corca
Dhuibhne agus an Spáinn. Fáilte
roimis ghrúpaí scoile cuairt a thabairt ar an Músaem
agus leas a bhaint as an ábhar seo.
Turasanna agus Léachtaí
Tá Caomhnóir an Mhúsaeim
ar fáil mar threoraí i dteannta na dturasanna ar an músaem
agus ar shuímh seandálaíochta agus chun cainteanna
a thabhairt ar sheandálaíocht leithinis Chorca Dhuibhne,
ach go háirithe.
Foilseacháin
• Clocha Oghaim Chorca Dhuibhne, 1995
agus athchló.
Cosán
na Naomh
Cosán
oilithreachta is ea Cosán na Naomh a ghaibheann trí Chorca
Dhuibhne, le barr Chnoc Bréanainn mar sprioc aige; b’fhéidir
go dtéann a phréamhacha siar roimh theacht na Críostaíochta.
Tá Cnoc Bréanainn, nó Sliabh nDaidhche mar a tugtaí
air fadó, chomh feiceálach ar fuaid na dúthaí
nach foláir nó go raibh tábhacht faoi leith riamh
ag baint leis.