Logo
Welcome
E-mail Us
Contact Us by Phone
 
Baile an Fheirtéaraigh (Ballyferriter), Co. Kerry, Ireland

Baile

Láthair

Catalóg

Conair Dealbhadóireachta

Gailearaí

Imeachtaí

Taispeántas

Nuacht

Leabhair

Cartlann

Oideachais

Seimineáir

Léirmheasanna

Naisc

Sitemap

Imeachtaí

Féile Amhránaíochta agus Scéalaíochta don Óige, 20/21 Deireadh Fómhair 2011 (26/9/2011)

Reáchtálfar na Comórtais Scéalaíochta ar an Déardaoin 20 Deireadh Fómhair agus na Comórtais Amhránaíochta ar an Aoine 21 Deireadh Fómhair. Ceithre aois ghrúpa a bheidh i gceist - fé 10, 10-12, 12-15 agus 15-18. Bronnfar teastais ar gach éinne agus boinn, sciath nó buanchupa ar na buaiteoirí. Foirmeacha ar www.oidhreacht.ie agus le bheith ar ais roimh an gCéadaoin 12 Deireadh Fómhair 2011. Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne buíoch d’Ealaín na Gaeltachta, do RTE Raidió na Gaeltachta agus do Chomhairle Contae Chiarraí. Breis Eolais: 066 9156100. mus@cfcd.ie.

Oíche Eolais 21 Meán Fómhair 2011 (14/9/2011)

Beidh Oíche Eolais ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Dé Céadaoin 21 Meán Fómhair, sa Mhúsaem i mBaile an Fheirtéaraigh, ag 7.30pm, maidir leis an Lár Ionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta agus Aonad Tacaíochta Teaghlaigh atá beartaithe a thógaint ar suíomh atá i seilbh Údarás na Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh. Breis eolais ó Gearóid Ó Brosnacháin, 066-9156100.

Maidean Chaifé don Ospaís (8/9/2011)

Beidh Maidean Chaifé don Ospaís ar siúl i Músaem Chorca Dhuibhne an Déardaoin seo chugainn, 15ú Méan Fómhair óna 10.00 – 12.00. Fáilte roimh cách, agus roimh bácáil chomh maith!

Seachtain Oidhreachta (16/6/2011)

Mar chuid don Seachtain Oidhreachta 2011 ní bheidh aon costas chun dul isteach ar an Mhúsaem ar an Domhnach 21 Lúnasa agus arís ar an Domhnach 28 Lúnasa. Beidh siúlóid Oidhreachta ar súil ar maidin Domhnaigh, 28 Lúnasa, ag fágaint an Mhúsaem ag 10.30 ar maidin, ar feadh 2-2.5 uair a cloig. Fáilte roimh cách!

herweeklogo

Cruinniú Poiblí (16/5/2011)

Beidh Cruinniú Poiblí i Músaem Chorca Dhuibhne maidir le Plean Teangan a fhorbairt do pharóiste Bhaile an Fheirtéaraigh ar an 19 Bealtaine, Déardaoin, ar 8.00pm. Fáilte roimh cách.

Lá Oscailte (4/5/2011)

Beidh Lá Oscailte ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne óna 2.00 – 8.00 ar an gCéadaoin, 11ú Bealtaine 2011 anseo i Músaem Chorca Dhuibhne.

Tugtar cuireadh do phobal Chorca Dhuibhne bualadh isteach sa Mhúsaem i rith an tráthnóna chun eolas a fháilt ar a bhfuil idir lámha ag an gComharchumann agus ag comhlachtaí eile de chuid an Chomharchumainn, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Coláistí Chorca Dhuibhne, Dovinia, Gaeltachtaí na Mumhan Skillnet & Corca Dhuibhne ag Caint. Chomh maith le buanfhostaíocht a chur ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh, ar na himeachtaí is mó a bhíonn ar siúl ag an gComharchumann tá Cúrsaí Oiliúna / Foghlama Gaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais agus do gach leibhéal foghlaimeora, Scéimeanna Teanga, Scéimeanna sna hEalaíona Dúchasacha, Scéim Fostaíochta Pobail, reáchtáil Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus Scéimeanna Oidhreachta agus Scéimeanna Fostaíochta pobail i gcomhar le FÁS. Is le tacaíocht Ón Roinn Gnóthaí Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus go leor eagraisí eile a chuireann ar chumas an Chomharchumainn na seirbhisí seo a sholáthar agus na tograí éagsúla a reáchtáil. Fáilte roimh cách.

Scoil Cheoil an Earraigh Feabra 2011 (31/1/2011)

Beid an Scoil Cheoil ar súil ón 23 Feabhra go 27 Feabhra. Breis eolais ó: eolas@scoilcheoil.com, www.scoilcheoil.com Tel: 086 2285385 nó 087 9967501

Beidh Oscailt Oifigiúil Scoil Cheoil an Earraigh 2011 ag tarlú sa Mhúsaem ag 8.00 pm ar an Céadaoin 23 Feabhra le Liam Ó Maonlaí. Ceol, amhráin agus sólaistí. Bí ann gan teip!

Beidh seoladh an leabhar Coiglímis an Tine ag tarlú anseo sa mhúsaem ag 5.30 pm ar an Aoine, 25 Feabhra. Cnuasach Seanchais agus Scéalta Bhab Feiritéar atá ann. Is féidir preas ráiteas maidir leis an leabhar a léamh anseo.

babfeirt

Bab Feiritéar

Chomh maith, ar an Domhnach, 27 Feabhra 2011 ag 10.45am beidh Maidin Chaifé sa Mhúsaem, ar son Ospidéal na Leanaí, Croimhghlinn, tar éis Aifreann na Féile.

 

Ócáid Shoisialta (17/1/2011)

Maidin Luan 31 Eanáir sa Mhúsaem @ 10.00 beidh plé ar an Cros Bhríde le Áine Uí Dhúbhshláine. Fáilte roimh gach éinne!

Seachtain Oidhreachta 2010

Mar chuid don Seachtain Oidhreachta 2010 ní bheidh aon costas chun dul isteach ar an Mhúsaem ar an Domhnach 22 Lúnasa agus arís ar an Domhnach 29 Lúnasa. Beidh siúlóid Oidhreachta ar súil ar maidin Dé Satharn, 28 Lúnasa, ag fágaint an Mhúsaem ag 10.00 ar maidin. Fáilte roimh cách!

Scoil Cheoil an Earraigh Feabra 2010

Beid an Scoil Cheoil ar súil ón 17 Feabhra go 21 Feabhra. Breis eolais ó: eolas@scoilcheoil.com, www.scoilcheoil.com Tel: 086 2285385 nó 087 9967501

Beidh Oscailt Oifigiúil Scoil Cheoil an Earraigh 2010 ag tarlú sa Mhúsaem ag 8.00 pm ar an Céadaoin 17 Feabhra le Breandán Feiritéar. Ceol & amhráin. Bí ann gan teip!

Chomh maith, ar an Domhnach, 21 Feabhra 2010 ag 10.45am beidh Maidin Chaifé sa Mhúsaem, ar son Ospidéal na Leanaí, Croimhghlinn.

Seoladh Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne/Dingle Peninsula Heritage Trail

Is tionscanamh é an Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne/Dingle Peninsula Heritage Trail, idir an Mhúsaem, Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus An Díseart á seoladh ag deireadh Mí Dheireadh Fhómhar 2009. Tá billeog ann, le dearrabháin lacáiste ar tháille iontrála dos na trí áit. Táimid an-bhúioch don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta as ucht an cabhair a fuaireamar.

conair

Ag seoladh Conair Oidhreachta Chorca Dhuibhne sa Mhúsaem bhí Mícheál de Mórdha, Bainisteoir, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Isabel Bennett, Coimeadaí, Músaem Chorca Dhuibhne, Muireann Nic Giolla Ruaidh, Bainisteoir, Óstan Bhenner, An Daingean, TP Ó Conchúir, Bainisteoir, Díseart agus Pádraig Firtéar, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. (Le buíochas ó Ted Creedon, The Kerryman.)