Scolari
Leac atá i reilg Naomh Sheamus.
Cosan na Naomh.
Tionóladh seisiún eolais i Músaem Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh i bhFómhar na bliana 2015 ar an ngrianghrafadóireacht 3D, agus léiríodh conas macasamhail 3D a dhéanamh de chuid dosna séadcomharthaí sa cheantar (go mórmhór na clocha oghaim) ag baint úsáide as Structure from Motion.
Tháinig cuireadh ón gClár Fionnachtana agus ó fhoireann an tionscnaimh Ogham in 3D chun an obair san á dhéanamh, agus táimid ag obair le chéile ó shin. Bhí dhá sheisiún oiliúna ann i Mí an Mhárta 2016, le tacaíocht an Kerry Group, chun tús ceart a chur leis an tionscnamh. Is í an aidhm atá anois againn ná chun cuntas digiteach a dhéanamh ar an gcuid is mó dosna séadchomhartha i gCorca Dhuibhne ar a bhfuil scríbhneoireacht nó pictiúirí greanta orthu (clocha oghaim, ealaín cloiche nó crosleaca mar shampla), ag baint úsáide as an gceamara digiteach.
Úsáidtear bogearraí áirithe chun macasamhail 3D a cheapadh, agus é sin déanta, is féidir é a fheiscint ó uillinn ar bith, agus an solas ag teacht ó threo ar bith. Sa tslí seo, is féidir marcanna agus snoíodóireacht nach gcífí leis na súile, a fheiscint ar chloch. Tá snoíodóireacht ‘nua’ feicthe cheana féin ón obair atá déanta ag an ngrúpa, agus beidh na macasamhla go léir le feiscint ar suíomh idirlín, chomh maith le píosa eolais maidir leis an suíomh ina bhfuil siad lonnaithe. Níl an obair phobail seo ach tosnaithe, ach beidh sé ag fás as seo amach!.
Tá Polasaí Oideachais nua á chur le chéile do Mhúsaem Chorca Dhuibhne, i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne. Beidh sé dírithe an-mhór ar chuairteoirí ar an Músaem (go mór mór ar leanaí, agus orthusan a thagann anseo chun an Ghaoluinn a fhoghlaim ach go háirithe), ar phobal Chorca Dhuibhne chomh maith leis na daoine eile a bhaineann úsáid as na háiseanna atá ar fail sa mhúsaem.
Le roinnt bhliain anuas tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag eagrú seimineáir lae chun gnéithe de stair agus de sheandálaíocht na háite a chur i láthair. Tionóladh seimineár ar Dhúnta Chorca Dhuibhne Fómhar na bliana 2004, ar scéal Phiaras Firtéar mí na Nollag 2005 agus ‘Nós na hOilithreachta i gCorca Dhuibhne is i gcéin’ mí na Samhna 2006. Sraith léachtaí, cainteanna agus turasanna ar láithreacha staire is seandálaíochta a bhíonn i gceist. Buíochas don gComhairle Oidhreachta a dheineann na himeachtaí seo a mhaoiniú.
Siúlóidí OidhreachtaTá ceirthe Siúlóidí Oidhreachta foilsaithe, agus ceann eile ag teacht sara bhfad, buíochas do deontas ón Roinn Ealaíon, Spoirt agus Turasóireachta, agus ó Údarás na Gealtachta chomh maith. Tosnaíonaíonn 4 cinn dos na siúlóidí ag an mhúsaem, agus baineann an ceann eile le Cosán na Naomh. Is féidir iad a fháil sa mhúsaem.
Turasanna agus LéachtaíTá Caomhnóir an Mhúsaeim ar fáil mar threoraí i dteannta na dturasanna ar an músaem agus ar shuímh seandálaíochta agus chun cainteanna a thabhairt ar sheandálaíocht leithinis Chorca Dhuibhne, ach go háirithe.
Foilseacháinlocha Oghaim Chorca Dhuibhne, 1995 agus athchló.
Cosán na NaomhCosán oilithreachta is ea Cosán na Naomh a ghaibheann trí Chorca Dhuibhne, le barr Chnoc Bréanainn mar sprioc aige; b’fhéidir go dtéann a phréamhacha siar roimh theacht na Críostaíochta. Tá Cnoc Bréanainn, nó Sliabh nDaidhche mar a tugtaí air fadó, chomh feiceálach ar fuaid na dúthaí nach foláir nó go raibh tábhacht faoi leith riamh ag baint leis.
Is cinnte go raibh tábhacht fé leith ag an oilithreacht so ó na Meánaoiseanna ar aghaidh; bhí baint dlúth aige le cultas Bhréanainn féin. Fócas ar an gcosán ab ea an suíomh eaglasta i gCill Maolchéadair, áit go bhfuil ainm Bhréanainn ar an-chuid de na hiarsmaí, bíodh is gur naomh eile a tugtar chun cuimhne i n ainm an tsuímh féin. Cill Maolchéadair an áit go mbailíodh na hoilithrigh le chéile roimh an gcuid deireanach dá dturas go barr an chnoic; is ann a bhí séipéal an pharóiste go dtí lár na séú haoise déag. Tá mórán suíomhanna eaglasta eile ar Chosán na Naomh, ach is dócha go raibh deireadh ré sroiste ag an gcuid is mó acu faoin tarna haois déag.
Tá leabhair shaothair (Gaoluinn & Béarla) ar fáil le cúpla bliain anuas do leanaí, daltaí scoile is mic léinn a thabharfaidh cuairt ar an Músaem (tá an ceann i mBéarla as cló anois). Tá ceann eile ar fáil ar Mainistir an Riasc agus ar Oilithreacht/Naomh Bhréanann/Cosán na Naomh. Buíochas don gComhairle Oidhreachta as a dtaíocht chun na bileog san á gcuir i gcló. Tá foireann an Músaem ag obair ar ceann ar Dún an óir faoi láthair, buíochas do tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Fáilte roimis ghrúpaí scoile cuairt a thabairt ar an Músaem agus leas a bhaint as na h-ábhair seo.