Ballyferriter
Ballyferriter
Beidh Féile na Cásca daichead bliain ar an bhfód i mbliana. Tá traidisiún ealaíne láidir inár bpobal i gcónaí a bhuíochas le múinteoirí an cheantair. Beidh Scéim Físealaíne i mbunscoileanna Chorca Dhuibhne i 2013 mar cheiliúradh ar Fhéile na Cásca 2013 – le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta. "Mo Cheantar Féin" téama na mbunscoileanna agus chuige sin beidh Isabel Bennett, Seandálaí agus coimeadaí an Mhúsaem, chun turas a dhéanamh leis na hardranganna chuig pé áit sa pharóiste gur í rogha na scoile í ina bhfuil iarsmaí seandálaíochta. Beidh trí thuras ag físealaíontóirí chuig na scoileanna le linn Feabhra/tús Márta chun oibriú leis na leanaí ar innsint fhísiúil a dhéanamh d’Fhéile na Cásca ar an áit ina raibh an turas acu. Tá an aimsir ag chuir isteach ar na pleananna, ach fós tá gach éinne ag baint an-taitneamh as an scéim.