Fáilte
romhait!

Fáilte
go Músaem Chorca Dhuibhne. Tá Músaem
Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh
sa bhliain 1875 - séadchomhartha ann féin!)
i mBaile an Fheirtéaraigh, 13 km (8 míle) siar
ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca
Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart
na hÉireann.
Amantaí
oscailte 2011
Beidh
an mhúsaem ag dúnadh 12 Méan Fómhair
i mbliana. Is féidir teangabháil linn chun socrú
a dhéanmh má teastaíonn ort cuairt a
dhéanmh i rith an geimreadh.
|
|
Seoladh
Poist:
An Coimeadaí,
Músaem Chorca Dhuibhne,
Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí,
Co. Chiarraí.
Amanta
Oibre:
Am Cáisc; 7 days 10:00- 17:00
Deireadh na Bealtaine - Meán Fómhair;
10:00.-17:00
Sa Gheimhreadh; ar iarraidht

|
Miseanráiteas
Bailíonn
Músaem Chorca Dhuibhne éagsúlacht iarsmaí
agus ábhar a bhaineann le hoidhreacht shaibhir nádúrtha
agus chultúrtha Chorca Dhuibhne. Tugtar an-aire don
mbailiúchán seo agus baintear lánúsáid
as mar ábhar oideachais agus spéise don bpobal
go léir – idir mhicléinn agus scoláirí
chomh maith le cuairteoirí samhraidh ón áit
agus ó thar lear.
Ins
an mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint
ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht
agus ar stair na leithinise.Tá
cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem
na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch
díobh astu sin.
Bíonn
clár taispeántaisí taistil bliantúil
ar ábhair dhifriúla againn chomh maith.
(Taispeántaisí Taistil).

Tá
spás úrnua curtha ar fáil sa Mhúsaem
do thaispeántaisí sealadacha chomh maith le
taispeántaisí taistil. Tá fáilte
roimh ghrúpaí ón gceantar a bheadh suim
acu taispeántas a reachtáil an áis seo
a úsáid tré dhul i dteangbháil
leis an gCaomhnóir.
Ins an mhúsaem, a bhíonn ar oscailt 7 lá
na seachtaine (10:00 r.n - 6:00 i.n., Aibreán go Meán
Fómhair) tá café chomh maith le siopa
leabhar.
Tá rogha caifé ann, agus cistí chomh
maith. Osclófar an múseam duit sa gheimhreadh
ach é a iarraidh go speisialta.Táimíd
ana-bhuíoch don Roinn Ealaíon, Spóirt
agus Turasóireachta agus an gComhairle Oidhreachta
as a dtacaíocht.

Bain
taitneamh as do thuras!
