AN
TIGH
Tá dhá sheomra an tí comhcheangailte i gcruth d'uimhir
a 8 agus té céimeanna cloch á nascadh. Tá
na seomraí ciorcalach taobh istigh, iad 6.5m agus 4.5m trasna
faoi sheach. Tá suíomh lárnach ag an seomra mór
sa Chathair agus is féidir teacht air trí úsáid
a bhaint as an bpábháil cloch ón bpríomhoscailt
san iarthar. Tá draein inmbeánach agus an súmaire
a bhaineann leis laistigh ann. (Tá leacacha curtha ós
cionn an tsúmaire). Tá sraith de phoillpholla le feiscint
i ngach seomra rud a thugann le fíos go mbíodh craobhacha
adhmaid ann tráth chun an díon giolcach a choimeád
in airde. Is cosúil go raibh deighilt inmheánach sa tigh
tráth. B'fhéidir go bhfuil cuid de na poillpholla ann
i ngeall ar an treallamh a bhíodh ann tráth ar nós
stól is bínsí nach bhíuil ann a thuilleadh.
Bhí dhá thinteán sa seomra mór chomh maith
le foirnéis bhruithnithe iarainn, poll ina raibh cnámha
muc agus poll mór eile a bhí lineáilte le clocha.
Bhí tinteán sa seomra beag chomh maith. Sí an fhianaise
is suimiúla a fuarthas maidir leis an deighilt inmheánach
sa tigh ná an líne dúbailte de phoillpholla timpeall
bhéal na hónach sa seomra beag. Bhíodh falla feidín
caol ann tráth i dtreo is nach dtitfeadh áitreabhaigh
an tseomra isteach i mbéal na hónach. Tá teacht
ar an seomra beag trí oscailt ar an dtaobh theas den Chathair
agus tríd an seomra mór.
AN ÓIN
Tháinig an focal 'souterrain' chugainn ón bhfraincis agus
ciallaionn sé faoi thalamh. D'úsáidtí na
hónacha mar ionaid dídine nó mar ionaid stóir.
Tógadh an óin i mBaile na bhFionnúrach le clocha
agus is dealraithí gur mar ionad stóir a d'úsáidtí
í toisc nár deineadh aon iarracht a béal a cheilt.
Téitear isteach ann trí pholl atá líneáilte
le clocha; tá falla inmheánach an tí bhig mar áirse
ar chuid den pholl seo. Tá ardán cré agus céimeanna
cloch ag dul síos ón bpoll chun bualadh leis an seomra
thíos. Tá an seomra beagáinín cuarach agus
leacacha móra mar dhíon air.
Léirigh an tochailt a deineadh ar an óin cúpla
poll éadoimhin a bhí greannta sa seanúrlár.
Nochtadh gáitéir éadoimhin agus súmaire
chomh maith. Is cosúil go líonadh an seomra le huisce
ó am go ham agus gur leagadh síos sraith cloch i ngeall
ar an deacracht seo, chun úrlár nua a chruthú ag
leibhéil níos airde.
TRÉITHE FALLAÍ
Bhí dhá sheomra i bhfalla na Cathrach ó thús.
Leagadh ceann de na seomraí nuair a bhíothas ag tógaint
cosán feirme agus deineadh díobhháil de chuid d'oirthear
agus d'oirdheisceart an fhalla. Thángthas trasna ar an dara seomra
an athuair le linn na tochailte. Tá fárdhoras íseal
ag béal an tseomra agus céim ag dul síos uaidh
go dtí an oscailt phábháilte. Tá an taobh
istigh toirtiúil agus tá slí do suas le 20 duine
ann. B'fhuirist an bealach isteach go dtí na seomraí seo
a cheilt agus is dóichí gur mar ionad dídine in
am an ghátair a úsáideadh iad. B'fhéidir
gur úsáideadh iad mar ionaid stóir chomh maith.
Deineadh díobháil d'oirdheisceart an fhalla chomh fada
leis an gceathrú iartharach. Leagadh cuid den imlíne oirthearach
nuair a bhíothas í mbun chosán feirme a thógaint.
Dheisigh foireann ó 'Dhúchas' an díobháil
a deineadh.
Tá oscailt chúng l.4m ar leithead sa roinn iartharach.
Deineadh díobháil den chloch ursain ag an oscailt agus
do chuid den fhalla ar an dtaobh thiar theas go dtí an bonn.
Tá sé seo deisithe ó shin chomh maith. Is cosúil
go raibh díon tógtha os cionn na hoscailte tráth
agus is léir go raibh doras nó geata ann toisc an phoillpholla
mhóir atá le sonrú ann.
Tá almóir ar aghaidh inmheánach fhalla na Cathrach
sa roinn thiar thuaidh cóngarach do leibhéal na talún.
Is léir ó phleananna luatha go raibh céimeanna
trasna aghaidh inmheánach an fhalla agus déantar cur síos
ar an láthair mar seo a leanas i litir a scríobhadh i
1893. 'Tá an falla timpeall na cathrach 11 troigh ar leithead
agus thagtaí aníos ar na céimeanna agus ar na bínsí
ón dtaobh istigh'. Thángthas ar na céimeanna agus
ar na bínsí seo le linn na tochailte agus tá athchóiriú
déanta orthu ó shin.
AN POLL MÓR
Fuarthas poll doimhin laistigh den chathair atá 2m ar leithead
agus l.9m ar doimhneas. Tá sé suite cóngarach d'aghaidh
sheachtrach fhalla an tseomra mhóir ar an dtaobh thuaidh. Tá
aghaidh cloch ar chuid de. Baineadh úsáid as carraig mhór
nádúrtha chuige seo agus leagadh docha eile d'aonghnó
ann chomh maith. Líonadh an poll siar isteach d'aonghnó
glan. Nuair a baineadh na clocha uachtaracha, aithníodh alán
sraitheanna d'ábhar orgánach. Bhí tuí, féar,
líon agus saghasanna éagsúla torthaí ar
nós úll agus sméara dubha i measc na n-ábhar
orgánach aithníodh. Fuarthas collchnónna agus síolta
fhíonchaora ann chomh maith. De bhrí go bhfuarthas eiscreidiú
ann is léir go n-úsáidtí é mar pholl
aoiligh.
ÁITREABH SEACHTRACH
Tá falla neamhghnáthach páirce teorannta le roinn
iartharach na Cathrach. Deineadh scrúdú ar an bhfalla
seo trí shuirbhé agus tochailt thrialach agus aithníodh
íothracha de thrí chlochán. Leagadh cuid de na
clocháin seo nuair a bhiothas ag tógaint an chlaí
teorann. Is deacair dáta cruinn a chur ar na láthaireacha
seo toisc go mbítí ag tógaint clochán go
háitiúil go dti le déanaí. Tá claí
teorann neamhghnáthach an ghoirt le feiscint ar an gcéad
eagrán den suirbhé ordanáis. Tugann sé seo
le tuiscint go mbaineann na docháin seo le dáta roimh
lár na naoú haoise déag.
B'fhéidir go bhfuil baint acu le háitreabh meánaoiseach
a bhí ar an gCathair.
'Siad na rudaí is mó a fuarthas de bharr na tochailte
ná airm chloch shimplí ar nós clocha faobhair agus
splanc-chlocha. An t-aon photaireacht a fuarthas ar an láthair
ná blúirí de photaireacht iompórtáilte
ó oirthear na Meánmhara ar a tugtar 'B Ware'. Baineann
an saghas seo potaireachta leis an 6ú aois agus b'fbéidir
go mbaineann sé le háitreamh níos luaithe a bhí
ar an gCathair.
I measc na rudaí is suimiúla a fuarthas bhí dhá
scian iarainn, blúire de mhionsábh, blúirí
de choirnín ghloine ghoirm agus bluirí de shoitheach a
úsáideadh chun miotail leáite a dhoirteadh. De
bhrí go raibh foirnéis bhruithnithe iarainn ann chomh
maith le slaig iarainn agus soitheach is léir go raibh áitreabhaigh
i mbun táirgíochta a gcuid miotail féin ar an láthair.
Nochtadh dhá phingin d'Anraí III a bhain le lár
na triú haoise déag chomh maith le meáchan luaidhe.
Fuarthas deil chlúdaigh ina raibh scathán beag agus deil
phláta sa pholl mór. Baineann na rudaí a fuarthas
sa pholl leis an ré iar-Normannach.
B'fhéidir go raibh an láthair seo in úsáid
chomh luath leis an séú aois. Tógadh an chathair
ina dhiaidh sin agus bhíothas lonnaithe ann ó am go ham
fiú go dtí an tríú céad déag.
Ní
bheadh ar ár gcumas an togra seo a tabhairt chun críche
muna mbeadh an chabhair agus an tacaíocht a fuaireamar ó
na dreamanna seo a leanas:
•
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
• Clann Dunfey
• The Ireland Funds
• Clár Leader-Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teo
• Dúchas an tSeirbhís Oidhreachta
• An Chomhairle Oidhreachta
Buíochas do Dhúchas an tSeirbhís Oidhreachta as
ucht úsáid a ngrianghrafanna. Téacs le Erin Gibbons.
Geobhaidh
tú breis pictiúirí do Cathair na bhFionnúrach
ins an cuid luath
meanaoiseach don Gailearaí.