Baile
Láthair
Catalóg
Gailearaí
Imeachtaí
Taispeántas
Nuacht
Leabhair
Cartlann
Oideachais
Seimineáir
Léirmheasanna
Naisc
Fáilte go Músaem Chorca Dhuibhne. Tá Músaem Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh sa bhliain 1875 - séadchomhartha ann féin!) i mBaile an Fheirtéaraigh, 8 míle siar ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart na hÉireann. Tá an mhúsaem ar oscailt 7 lá den seachtaine ó 10.00 - 5.00 go dtí Mí Mean Fomhar 2010. I rith an geimhreidh, is féidir teangabháil a dhéanamh leis an coimeadaí (info@westkerrymuseum.com) chun dul isteach. Seoladh Poist: An Coimeadaí, Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí. Oscailte: Am Cáisc, 7 lá, 10:00 - 18:00 Deireadh na Bealtaine - Meán Fómhair, 7 lá, 10:00 - 18:00 Sa Gheimhreadh, ar iarraidh Fón; +353 (0)66 9156333 / 9156100 Ríomhpost:info@westkerrymuseum.com Ins an mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair na leithinise.Tá cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch dóibh astu sin. Bíonn clár taispeántaisí taistil bliantúil ar ábhair dhifriúla againn chomh maith. (Taispeántaisí Taistil). Tá spás úrnua curtha ar fáil sa Mhúsaem do thaispeántaisí sealadacha chomh maith le taispeántaisí taistil. Tá fáilte roimh ghrúpaí ón gceantar a bheadh suim acu taispeántas a reachtáil an áis seo a úsáid tré dhul i dteangbháil leis an gCaomhnóir. Ins an mhúsaem, a bhíonn ar oscailt 7 lá na seachtaine i rith an samhradh, tá café chomh maith le siopa leabhar. Osclófar an múseam duit sa gheimhreadh ach é a iarraidh go speisialta. Táimíd ana-bhuíoch don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus an gComhairle Oidhreachta as a dtacaíocht. Bain taitneamh as do thuras!
Fáilte go Músaem Chorca Dhuibhne. Tá Músaem Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh sa bhliain 1875 - séadchomhartha ann féin!) i mBaile an Fheirtéaraigh, 8 míle siar ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart na hÉireann.
Tá an mhúsaem ar oscailt 7 lá den seachtaine ó 10.00 - 5.00 go dtí Mí Mean Fomhar 2010. I rith an geimhreidh, is féidir teangabháil a dhéanamh leis an coimeadaí (info@westkerrymuseum.com) chun dul isteach.
Seoladh Poist: An Coimeadaí, Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Oscailte: Am Cáisc, 7 lá, 10:00 - 18:00 Deireadh na Bealtaine - Meán Fómhair, 7 lá, 10:00 - 18:00 Sa Gheimhreadh, ar iarraidh
Fón; +353 (0)66 9156333 / 9156100 Ríomhpost:info@westkerrymuseum.com
Ins an mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair na leithinise.Tá cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch dóibh astu sin.
Bíonn clár taispeántaisí taistil bliantúil ar ábhair dhifriúla againn chomh maith. (Taispeántaisí Taistil).
Tá spás úrnua curtha ar fáil sa Mhúsaem do thaispeántaisí sealadacha chomh maith le taispeántaisí taistil. Tá fáilte roimh ghrúpaí ón gceantar a bheadh suim acu taispeántas a reachtáil an áis seo a úsáid tré dhul i dteangbháil leis an gCaomhnóir. Ins an mhúsaem, a bhíonn ar oscailt 7 lá na seachtaine i rith an samhradh, tá café chomh maith le siopa leabhar. Osclófar an múseam duit sa gheimhreadh ach é a iarraidh go speisialta. Táimíd ana-bhuíoch don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus an gComhairle Oidhreachta as a dtacaíocht.
Bain taitneamh as do thuras!