|
Ceann de cnuasach bonn don bhagaitéal, don hacaí(?)
(1903), don dornálaíocht (1904) agus don tarrach
téide (1905) a bronnadh ar L. Ó Conchúir. |
 |
 |
 |
|
|
Macasamhail luath de bhuidéal linbh ón bhfichiú
aois. |
 |
|
|
Geansaí a deineadh i monarcha cniotála i mBaile
an Fheirtéaraigh ins na caogadaí. Cuid de
chulaith ghasúir dá chéad Chomaoineach
Naofa é. Ba chuid de chlochar Shiúracha Ord
an Linbh Íosa, Baile an Fheirtéaraigh Thiar,
an mhonarcha seo sna triochaidí. Dúnadh sna
caogadaí í. |
|
Fuarthas
an gunna mór seo ar Thráigh Ard na Caithne blianta
fada ó shoin. Ghlac Lord Ventry seilbh air agus rug
leis é go dtí a thigh cónaithe féin,
Burnham i mBaile an Ghóilín (mar atá
Coláiste Íde anois). Bhronn Siúracha
Choláiste Íde an gunna ar Leabharlann an Daingin
is bhí sé ar taispeáint lasmuigh den
leabharlann ar feadh tamaill. Ó bhlianta tosaigh aimsir
Napolean sa naoú aois déag é. |
 |
Macasamhail
de bhád Tim Severin a sheol sé ó Chuas
a’ Bhodaigh trasna an Atlantaigh chomh fada le Talamh
an Éisc. |
 |
Claíomh
beaignite ó Arm na Breataine, 1888. Pádraig
Búdhlaer ó Ard na Caithne a bhí ina Chaptaen
ar Óglaigh Bhaile an Fheirtéaraigh a rug leis
é go Trá Lí agus é ag bualadh
leis an Aud le linn Éirí Amach na Cásca
1916. |
 |
Mias
a bronnadh ar Mhúsaem Chorca Dhuibhne mar aitheantas
ar rannpháirtíocht i Scéim Phíolótach
Chreidiúnaithe do Mhúsaeim na hÉireann
de chuid na Comhairle Oidhreachta – 2001-2004. Is i
gCill Chainnigh a deineadh an mias, i bPotadóireacht
Stoneware Jackson. |
|
Beirt
chailíní ag rince atá sa phíosa
dealbhadóireachta seo a cheap an t-ealaíontóir,
Fanch Venner ó Mael Carhaix na Briotáine, ó
chloch áitiúil. Léiriú é
an bheirt chailíní ag rince i dteannta a chéile
ar an nasc idir pobal Chorca Dhuibhne agus pobal na Briotáine.
|
|
Cuid
de chrann giúise a fuarthas i bportach na Droime. Ní
fios cén t-aos é. |
 |
Táipéis
a dhear Scoláirí Idirbhliana Chlochar na Toirbhirte,
An Daingean, faoi stiúir an fhíodóra
Lisbeth Mulcahy, 1999. |
 |
Mias
a bhronn Coiste Cleamhnais Tolfa na hIodáile ar an
gcoiste áitiúil – ag ceiliúradh
an nasc idir Tolfa agus Ghajnsielem, Malta, Lúnasa
2003. |
|
Potadóireacht
chuimhneacháin a bhronn baile Ghajnsielem, Malta ar
an gcoiste cleamhnais áitiúil toisc nasc a bheith
acu le Tolfa na hIodáile – mar atá ag
Corca Dhuibhne, Lúnasa 2003. |
|
Bronnadh
an Glób Ghloine Phort Láirge seo ar Mhuintir
Dunfey as a bhfuil déanta acu ar son Phobal na Seanchille,
Béal Feirste agus ar son na síochána
i dTuaisceart Éireann, 26 Meitheamh, 2000. |
|
Commemorative
piece presented to Músaem Chorca Dhuibhne by the Heritage
Council in recognition of a grant awarded through its annual
grant scheme in 2000. |
 |
Píosa
chuimhneacháin a bhronn an Comhairle Oidhreachta ar
Mhúsaem Chorca Dhuibhne toisc deontas faighte i 2000. |
 |
Tíl
photaireachta agus radharc ar bhaile Tolfa urithi, baile san
Iodáil a bhfuil cleamhnas déanta ag muintir
Chorca Dhuibhne leis. |